Na tairbhí a bhaineann le Cosaint um Maoin Intleachtúil
D’fhéadfadh a lán sócmhainní éagsúla a bheith i gceist le do mhaoin intleachtúil, idir lóganna agus aitheantas corparáideach agus táirgí, seirbhísí agus próisis núíosacha lena n-idirdhealaítear a bhfuil le táirgeadh ag do ghnólacht.
Tá Maoin Intleachtúil riachtanach má tá le héirí le nuálaíocht. Tugtar luach saothair léi do chruthaitheacht agus féadfar tairbhí inbhraite a chruthú do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus don tsochaí.
Ní thuigeann a lán cuideachtaí go bhféadfadh a sócmhainní maoine intleachtúla a bheith lárnach dá bpríomhsheirbhísí agus d’inmharthanacht fhadtéarmach ar an iomlán. Lena chois sin, creideann a lán cuideachtaí beaga go nglacann sé barraíocht ama le leas a bhaint as a maoin intleachtúil, go bhfuil sé róchostasach agus go bhfuil sé deacair toradh ar infheistíocht a fháil. Ní hé sin mar atá agus ba cheart do chuideachta ar bith beag beann ar a méid nó ar chineál a gnó straitéis a bheith acu ina gcuirtear san áireamh an tábhacht a bhaineann le sócmhainní maoine intleachtúla. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh straitéis i bhfeidhm chun táirgí nó seirbhísí uathúla ar bith atá agat a chosaint toisc go bhféadfadh iomaitheoirí do rath a ghoid nó leas a bhaint as go bunúsach chun do sciar den mhargadh a thabhairt leo. Mura gcuireann tú do mhaoin intleachtúil san áireamh beidh drochthionchar aige sin ar chumas do chuideachta fás agus a sruth ioncaim a chomhdhlúthú. Nuair a chailltear an sciar den mhargadh go luath i bhforbairt gnó d’fhéadfadh sé a bheith ina bhuille trom agus a bheith am-íditheach murar smaoineamh tú riamh ar do mhaoin intleachtúil a chosaint nó cad ba cheart duit a dhéanamh má dhéantar sárú ort.
Tá cuid de na príomhbhuntáistí a bhaineann le cosaint um maoin intleachtúil leagtha amach thíos:
- Nuair a chosnaíonn tú do mhaoin intleachtúil tugtar ceart eisiach duit agus d’fhéadfadh sé cuidiú le do ghnó déanamh níos fearr ná mar a dhéanfadh sé seachas sin, nó d’fhéadfadh sé tús a chur le gnó úr.
- Braithfidh forbairt straitéisí éifeachtacha cosanta um maoin intleachtúil ar do ghnó faoi leith. D’fhéadfadh réimse roghanna cosanta um maoin intleachtúil a bheith i gceist le straitéis éifeachtach. Mar shampla, d’fhéadfá cosaint phaitinne a lorg do do tháirge, a dhearadh a chlárú agus straitéis bhrandála bunaithe ar thrádmharc cláraithe a fhorbairt.
- Le cosaint um maoin intleachtúil is féidir leat sócmhainn inláimhsithe a dhéanamh de d’eolas/smaoineamh ar féidir í a shannadh, a aistriú agus a cheadúnú.
- Is féidir do mhaoin intleachtúil faoi chosaint a úsáid mar thionchar chun infheisteoirí a mhealladh, mar chomhthaobhacht chun airgead a fháil.
- Má chosnaíonn tú do mhaoin intleachtúil d’fhéadfadh sé na rioscaí a bhaineann le tráchtálú a laghdú trí iomaitheoirí a dhíspreagadh ón maoin intleachtúil faoi chosaint a úsáid.
Trí do mhaoin intleachtúil a chosaint d’fhéadfadh sé cuidiú leat ioncam a ghiniúint agus toradh ar infheistíocht i T&F a sholáthar.Trí do mhaoin intleachtúil a chosaint d’fhéadfá a bheith ábalta ioncam ríchíosa ó cheadúnú a ghiniúint.Is féidir le trádmharc/branda feidhmiú mar “shuaitheantas tionscnaimh” agus a úsáid chun d’earraí/sheirbhísí a chur chun cinn agus ar an tslí sin ráthaíocht foinse agus cháilíochta do chustaiméirí/chustaiméirí ionchasacha a sholáthar.
D’fhéadfadh sé go gcinnfeá nach fiú cosaint phaitinne agus go mbeidh go leor ama i gceist chun aitheantas agus dílseacht bhranda a fhorbairt nó táirgí agus seirbhísí úra a fhorbairt má choinnítear rúndacht agus má úsáidtear comhaontuithe rúndachta. Nó d’fhéadfá díriú ar thrádmharc amháin chun do staid sa mhargadh a fhorbairt, mar a luaithe is a bheidh do tháirge ar an margadh, ní féidir leat cosc a chur ar dhaoine eile é a chóipeáil.
Trí réimse beart cosanta a úsáid tugtar sraitheanna cosanta duit agus neartóidh sé do staid sa mhargadh. Cibé straitéis a ghlacfaidh tú chun do mhaoin intleachtúil a chosaint, go hidéalach ba cheart é a chomhtháthú i do phlean gnó foriomlán.
Fiosraigh na roghanna ar fad atá ar fáil agus lorg comhairle ghairmiúil, ó ghníomhaire paitinní nó trádmharcanna, más gá.
Tairbhí eile
Baineann a lán tairbhí le maoin intleachtúil a chosaint, nach mbeadh follasach láithreach. Mar shampla, in Éirinn tá buntáistí cánach agus cánachas laghdaithe maidir le brabúis a bhaineann le táirgí a díoladh atá clúdaithe le cearta maoine intleachtúla cláraithe (paitinní agus cóipcheart) agus rúin trádála.
Tá buntáistí eile nach luaitear chomh minic leagtha amach sa bhileog eolais iniata.